Caidmiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachCaidmiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Caidmiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachCd
Uimhir adamhach48
Mais adamhach112.414
Peiriad, Grúpapeiread 5
Dúil Ghrúpa 12
Airíonna fisiceacha
Dlús8.65 kg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.69
Ga ianach0.78, 0.95, 1.1 agus 1.31
Stair
AimsitheoirFriedrich Stromeyer agus Karl Samuel Leberecht Hermann
Fionnachtain1817
EapainmCadmus (en) Aistrigh

Is é an caidmiam dúil cheimiceach uimhir a 48, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Cd. Miotal trasdultach é agus é bog bánghorm. Tá sé sách cosúil leis an dá dhúil eile sa ghrúpa chéanna, mar atá, an tsinc agus an mearcair. Is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige sna comhdhúile ná +2, cosúil leis an tsinc, agus tá a leáphointe réasúnta íseal, cosúil leis an mearcair. Is é codán an chaidmiam de screamh an Domhain ná 0,1 cuid den mhilliún - cuir sin i gcomparáid leis an tsinc, 65 cuid den mhilliún.

An tAinm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair an caidmiam a ainm ó chalaimín (Gréigis: kadmia), mianra since a bhfuil caidmiam le fáil mar thruailleán ann. Tá an mianra féin ainmnithe as Cadmus nó Kadmos, dia nó neach miotasúil de chuid na sean-Ghréagach: de réir an tseanchais Ghréagaigh ba é Cadmus a chéadcheap an aibítir. Tagraítear i seanchas na Gaeilge féin don "aibidil a rinne Cadmus".

An Fhionnachtain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Friedrich Strohmeyer ba thúisce a tháinig trasna ar an gcaidmiam, thiar sa bhliain 1817. Fuair sé amach truailliú nó neamhghlaine éigin i gcarbónáit na since, agus ba é an caidmiam an truailliú sin. Is dual don chaidmiam áit na since a ghlacadh sna comhdhúile, ós rud é go bhfuil an dá dhúil sin in aon ghrúpa le chéile, agus iad cosúil le chéile ó thaobh na n-airí ceimiceacha de, mar sin.

An Úsáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baintear úsáid as an gcaidmiam sna cadhnraí (is é sin, sna batairí leictreachais), agus is é sin an t-aon úsáid amháin a bhaintear as go fairsing inniu. Tá an caidmiam an-dainséarach, an-nimhiúil don duine agus don chomhshaol araon, agus mar sin, is fearr é a sheachaint más féidir déanamh ina uireasa.

An Dochar don tSláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áirítear an caidmiam ar na trom-mhiotail dhainséaracha. Déanann an caidmiam dochar tromchúiseach do na scamhóga, agus is carcanaigin (ábhar ailse) é chomh maith. Tá caidmiam sa tobac freisin, agus cuireann sé leis an bpriacal atá sa tobac d'orgánach an duine. Is féidir leis an adamh caidmiam dul in áit an adaimh since, ó tá an dá dhúil seo an-ghaolmhar le chéile agus iad sa ghrúpa chéanna. Mar sin, is féidir leis an gcaidmiam áit na since a ghlacadh i struchtúir cheimiceacha na bpróitéiní.

Iseatóip an Chaidmiam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an caidmiam nádúrtha comhdhéanta as ocht n-iseatóp, agus dhá cheann acu radaighníomhach, ar a laghad. Táthar ag teoiriceoireacht go bhfuil trí cinn eile radaighníomhach fosta, ach níor aithníodh gníomhaíocht ar bith orthu go fóill faoi imthoscaí saotharlainne. Is iad an dá iseatóp radaighníomhach nádúrtha atá ann ná 113Cd agus 116Cd. Is é an cineál meath radaighníomhach a thagann ar an gcéad cheann acu ná an béite-mheath (is í an leathré atá aige ná 7.7 x 1015 bliain); maidir leis an gceann eile is é an meath is dual dó ná béite-mheath dúbailte dhá neoidríonó, agus is í an leathré atá aige ná 2.9 x 1019 bliain. Is iad an trí iseatóp nach bhfuiltear cinnte fúthu ná 106Cd agus 108Cd (glactar leis go ndéanann an dá cheann seo leictreonghabháil dhúbailte, má thagann meath radaighníomhach orthu i ndáiríribh) chomh maith le 114Cd, a dtagann béite-mheath dúbailte air, má thagann. Is iad 110Cd, 111Cd agus 112Cd an trí iseatóp nach bhfuiltear in amhras faoina gcobhsaíocht.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]